Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 116

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 116

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seanafarachán
  2. XML Leathanach 116
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí fear ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air Fionn.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    sé an t-ainm a bhí air Gol.
    “Eirigh a Ghoil” ar seisean “agus ceangail an roth sin”. Gach leagan a bhí Gol ag baint as an rotha bhí an rotha dhá baint as acht faoi deireadh leag an rotha é agus leag sé a chois ar a ucht. Annsin d'eirigh Conán agus má d'eirigh ní raibh aon mhaith dhó ann. Chinn sé air. Annsin d'eirigh Osgar agus ní raibh aon mhaith dhó ann. B'éigin do'n triur suidhe síos. Cinn sé ortha a cheangail.
    Dubhairt an sean-fhear leis an ngasúr a bhí ins an luaith eirigh. “Eirigh a ogánaigh” ar seisean “agus ceangail an rotha sin”. D'eirigh an tógánach agus is beag nach phlúch sé iad leis an méid luaith a chuir sé ins an spéir, agus ceangail sé an rotha.
    Annsin nuair bhí siad ag imtheacht ar maidin, ars an sean fhear “Anois” adeir se le Fionn “nach beag díobh náire a bheith oraibh, nuair a chinn sé oraibh an roth sin a cheangailt agus cheangal an gasúr sin é. Acht cheanglóchaidh sé muidí fós agus sin é an bás.
    Nuair a bhí siad ag dul abhaile marbhuighead go leór aca agus rinneadh an chuid eile ina gclocha glasa agus marbhuigheadh Fionn freisin. Annsin bhí gasúr óg ag bean Fhionn agus chuir sí fios ar shiúinear le cliabhán a dhéanamh le haghaidh an gasúr. Tháinig an siúinéar agus rinne sé an cliabhán agus nuair a bhí an cliabhán déanta d'iarr bean Fhionn tuagh air agus thug an siúinéar an tuagh agus céard a rinne sí leis acht an cloigeann a bhaint dhó ionnus nach mbeadh fhios ag aon duine go mbeadh an gasúr ann.
    Nuair a bhí an gasúr le bheith ann sé an áit a chuaidh sí féin agus bean cuimhdeach eile síos i bpoll faoi an dtalamh. Aon lá amháin, nuair bhí an gasúr suas le seacht mbliana d'aois, fuair sé greim
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Ní Bhurca
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe