Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Seanafarachán
- XML Leathanach 114
- XML “An tÉan Draíochta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fear siubhal.
Bhí fear a' tighe dhá iarraidh agus dhá iarraidh agus ar dheire dubhairt sé go dteasbáinfeadh. Thóg sé amach leabhar beag cruaidh ar a ghlúna agus bhain de a hata. Nuair a bhí sé tamaillín á léigheamh d'iarr fearr a tighe dhó an raibh sé ag teacht. Dubhairt sé go raibh sé ag sgaoileadh na slabhrai. Faoi cheann tamaill eile chuir sé an cheist ceadna air agus dubhairt sé an uair seo go raibh sé gar dhó láithreach agus an treas uair dubhairt sé go raibh sé tagaithe acht dul suas ag an gcúl doras agus an barraille a bhí ann a iompód le buille dá bhróig.
Bhí go maith. Chuaidh sé suas agus d'iompuigh an barraille. Léim an sean-fhirín feasógach agus amach an doras leis le luas lasrach. Ní túisce a bhreathnuigh an fear siubhal ná bhí fear a' tighe in a chnap ar an urlár. B'éigin dó uisce chuir air. Acht bhí sé go maith aríst tar éis tamaill, agus níor iarr sé ar aon fhear aríst an diabhal a théasbáint dhó.
Bhí fear an tighe ag iarraidh air an téan le ceannacht acht ní dhíolfadh an fear eile é ar eagla go bhfághdh sé amach cionntac é mar ní raibh san éan acht mar chuile é acht go raibh an fear a bhí sé aige go han-chliste.Cáit Seóighe.
Tabhnalín.
Fionnmhuighthe.- Bailitheoir
- Cáit Seóighe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe