Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 107

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 107

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seanafarachán
  2. XML Leathanach 107
  3. XML “Na Seachtar Mac”
  4. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    seachtar mac. “An raibh aon chloinne riamh agat” ar seisean leithe. “Ara ní raibh a mhúirnín” ar sise. “Céard d'eirigh de'n sgioból”. Thuit sé a mhúirnín”. “Ha ha a bhitheamhnaigh caillighe, is fadó shíl tú muid a bhruith is a dhóigh sa scioból sin. Táimid saidhbhir sáthach anois agus tusa beó bocht. Bhíodar ag déanamh torann in a bpócai leis an airgid. Bhí sise ag ceapad puinnte ar phuinnte go gcaithfidís mámóg chuici. D'imthigh siad leo agus níor thaobhaigh (tidhbaig) siad a teach ná a teinnteán arís go deó na ndeór.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Duine ar bith atá ag braith ag daoine eile len'a chuid oibre a dhéanamh béidh sé gan déanamh.
    Bíonn ádh ar an amadán.
    Fágann an lá locht ar obair na hoidhche.
    Ná díol do chearc lá fliuch.
    Síleann fear na buile gurab é féin fear na céille.
    Ceann mór na céille bige.
    Bíonn ceann caol ar an óige.
    Is fearr an troid ná an t-uaigneas.
    Ní thagann ciall roimh aois.
    Ciall ceannuighthe is í is fearr.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ó Cadhain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    15
    Seoladh
    Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe