Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Seanafarachán | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 106

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

fear ar maidin lá 'r na bhárach agus thug sé cúig punt dhó agus d'fiafruig sé dé ar airigh sé aon nidh an oidhche roimhe. “Níor airigh mé aon rud ní bá mheasa ná mé féin” ar seisean. Teirigh anocht agus tiubhraidh mé deich bphúnt dhuit. Chuaidh agus tháinig an cónra arís. D'eirigh gach rud mar d'eirigh an chéad oidhche. Tháinig an fear ar maidin agus dubhairt Camán leis nár airigh sé aon rud ba mheasa ná é féin. “Tiubhraidh mé cúig punnt déag duit má theigheann tú ann anocht. D'eirigh gach rud mar an dara oidhche agus an chéad oidhche. B'é athair an fhir a bhí ina sidheóg ag teacht san gcónra. Bhain sé leith-bhlian chíos ó bhean is ní leigfidhe go flaithis é muna n-iocfadh sé é.
Cruinnigh sé chuile dhuine ar an mbaile agus roinn sé ól ortha Chuaidh sé thart agus gloine aige go dtáinig sé chuig sean-bhean. “Ól é seo a stór” ar seisean. “Ní olfaid a mhúirnín.” “Tiubhraidh mé cúig punnt duit”. “Ólfad a bhanam agus sgaoil sí siar é”. B'fada leis go raibh sé thart arais. “Ól é seo astór”. “Ní ólfad a mhúirnín”. “Seo deich bpúnt”. “Ólfad bhanam.” Leig sí siar é. Tháinig sé thart arís. “Ól é seo a stór”. “Ní ólfad a mhúirnín”. “Seo cúig punt deag duit”. “Olfad bhanam thobhar sé í thachtadh. “Maith ó do chroidhe agus d'anam a rinneadh riamh ort” ar seisean. “Ó maithim ó mo chroidhe agus m'anam gach a rinneadh” ar sise. Annsin chuaidh an fear in a aingeal amach tré creatachaí an tighe. D'imthigh na daoine. Fuair camán ór agus airgead, síoda agus sróll agus gach nidh ab'fhearr ná a chéile. D'imthigh sé leis go dtáinig sé go dtí an sean-bhothán. Bhí na seisear drioththar roimhe.
“Cén caoi ar eirigh an bhlian is lá libh” arsa Camán “go suarach” ar siad sin. Thug sé chuig siopa iad agus ghléas sé ó bhon go baitis iad. “Anois siubhal libh go bhfeicimid ár máthar, tá ár n-athair caillte agus is mór an sgéal é. D'imthigh leo go dtáinic chuig teach a máthar. Bhí sí ag osnaighil taobh amuigh de'n doras. Nuair a tháinig na

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Mairéad Breathnach
Inscne
baineann
Seoladh
Cnoc na Fuaiche, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge