Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua

Suíomh:
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Ó Nualláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0073, Leathanach 234

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0073, Leathanach 234

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
  2. XML Leathanach 234
  3. XML “An Caisleán Draíochta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Caislean Draoidheachta.
    Ins an am fadó bí Caisleán agus bhí sé faoí dhraoidheacht. Da mharbhuigh Rí Rí eile san gCaisleán seo uair. agus nuair do fuair an Dunmharbhthóir bás chuir sé an Caisleán faoí dhraoidheacht. Ní bhiodh an Caisleán lé feiceál sa lá ar chor ar bith, acht ar thuitimh na h-oidce bhiodh sé chómh soiléar is bí ariamh Bhiodh fáithchios ar chuile dhuine a dhul an bealach ar feadh na h-oidhche. Bí Rí ar an áit agus thairigh sé leath a shaidhbhris agus a inghín lé posadh d'en fhear a thóigfheadh an Caisleán ó'n gcealltair draoidheachta.
    Na míllte míllte ó'n áit sin bhí teach agus bhí go leór muirghín ann. Bhí mac ann agus ní raibh fhios aige ceard é faithchiós. Nuair a deirfheadh na buachaillí eile go mbiodh faithchíos ortha Dfhiafhruigheach sé dhóibh ceard é faithchiós agus ar ndóighe ní raibh éinne i ndhon innseacht dhó. Nuair a bhí sé súas i na stócach dubhairt sé leis fhéin nach ndeanfhaídhe sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádhraigh Ó Cualáin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Pointe, Co. na Gaillimhe