Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Nualláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí ceathrar mac aige. Ní raibh de thalain aige ach aon gharraidhe. Bhíodh an garrdha sin curtha chuile bhlian aige, ahus ní b'fada go raib an leasughadh a bhí ann caithre agus nach raibh aon mhaitheas leis. Dubhairt an t-athair annsin go gcaithfhead ceird faoi leith bheirth ag chuile dhuine. Thug sé roinnt airgid dóib agus d'imthigheadar. Níor b'fada go btáinig siad go dtí ceithre cros--bothar. D'imtigh ceann aca gach aon ceann des na bóithre. Faoi ceann trí blian tháinig siad isteach chuig an t-athair agus dubhairt siad go raibh na ceardanma toghtha aca. D'iarr sé diobh ceard iad na céardanma a bhí aca. Dubhairt an chéad duine go raibh sé déin ina shuineár --dubhairt an darna mach go raibh sé ina fhouleír - dubhairt an tríomar duine go raibh an éisteacht aige agus dubhairt an ceathrú duine go raibh sé ina thogha gabuidhe. "Tá go maith" adeir an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Colm Ó Flathartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Gleann Mór, Co. na Gaillimhe