Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Nualláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní breac é an lugach a bhfuil mór - an tóír sa taobh tíre seó air ach amháin nach bhfuil léígheamh ná innseacht sgéil air le h-aghaidh baoití. Is beag breac sa bhfairrge nach marbhuigheann sé é. Is sa ngaineamh a fháightear é. Cartar an gaineamh le láíghe is faíghtear na lugaí túairims leaht-troigh thíos san ngaineamh. Is é an chaoí n-aithnighear an áít a mbíonn sé mar bíonn cnocáínín beag gaineamh ós-a-chíonn. Mara n-eirigheadh leat an laíghe a chuir síos ceart faoí imtheóchaidh sé úait. Fáightear lugaí faoí chlócha freisin is íad sin is íad ata thar cíonn amach amach igcómhair baoití, ach is rí-dhoiligh é fhágháil faoí na clócha mar is fada chartadh sul i bhfuightheá ceann ar bith aca(leanann ar an chéad leathanach eile)