Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua

Suíomh:
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Ó Nualláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0073, Leathanach 137

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0073, Leathanach 137

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
  2. XML Leathanach 137
  3. XML “Bairneach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl aon bhreac i bhfairrge is contubhairtighe de'n bhádóír na de'n íascaire na an báírneach. Tá síad sábháilte an fhad is choinnigheas síád ó'n gcloch a mbíonn an báirneach ag fás uirrthí. Ach tá rud amháin ag gabhail leis nach bhfuil breac i bhfairrge is túisge a ionnsuigheas an mab marbhán ná é. I-na dhiaídh sin is uile tá an tóír air i gcómhair baoite truisc agus bran.
    Níl draoí leis an ngreim a bhíos ar an gcloch ag an báirneach. Is lé sgían a bhaintear de'n chloch é sa taobh tíre. Ach dhá dtagfeá in'ghan fhios air thóígfheá suas gan stróbh lé do láímh é. Deirtear gur sa n-oidhche is mó a sholatháruigheas sé a bheaithe. Nuair a bhíos sé ag smúracht thart ag soláthar bíádh is beag nach nd'imhthigheann sé amach as an sligoán. Níor mhaith dhuit do theanga a bheith idir an sliogán agus an chloch, nuair a dhuineann sé isteach é. Nuair a thosuigheann sé ag fálróíd thart d'feidfheá dhá eirc ina
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádhraic Ó Máille
    Inscne
    Fireann