Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua

Suíomh:
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Ó Nualláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0073, Leathanach 135

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0073, Leathanach 135

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
  2. XML Leathanach 135
  3. XML “An tEistre”
  4. XML “An Chluaisín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    le dreidire atá déanta ar nós béal sáibh agus timceall feadh go leith ar dóimhneacht d'eangaigh is mó thógtar íad. Is ins an ngraineamh garbh agus in-aice an fhíor-uisge is mó faightear íad, Se an dreidire a chartas amach as an ngaineamh íad agus an líon nón eanthaig dhá ngabhadh. T'réis go bhfuil a chuid bídh an-deas le n-íthe ní mórán aca thógtar sa taobh tíre seó mar níl an deis cóireamhail aca le n-aghaidh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tá an iosamhlacht ag an gcluasín leis an muirín. Tá an chluaisín níos lúgha agus an sliogán atá air níos díríghe, sin é an chaoí a naithníghtear é thar an muirín. Is a bhfastóbh ar clocha a sáightear an chluaisín. Níl an chluaisín le fághail chomh fairsing leis an muirnín. Ní breac é an chuaisín a bhfuil mórán tóir air anois, mar níl eolas ceart ag na daoine air le aire a thabhairt dhó. Deirtear go mbíonn an chluaisín ag tabhairt uaidh ó thugtar as an bhfairrge é. Níl air an gcluaisín acht aon chluais amháin, agus sin é fát a dtugtar an tainm air. Sé an chaoi a mbruithtear sa téine é agus bíonn sé an deas le nithe. Sé an tám céadhna a shíolruígheas an chluaisín agus an teistire. Sa ngaineamh agus faoi chlocha a faightear é
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mairtín Ó Fionntáin
    Inscne
    Fireann