Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua

Suíomh:
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Ó Nualláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0073, Leathanach 089

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0073, Leathanach 089

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
  2. XML Leathanach 089
  3. XML “Comharthaí na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a bhíonn's rása faoin ngealach bíonn báisteach air.
    Nuair a bhíonn's an deatach ag dul suas díreach san aer bíonn báisteach air.
    Nuair a bhíonn's solus gorm ar an teine, bíonn droch-aimsir air.
    Nuair a bhíonn's torann ins na cladhagh san oidhche, bíonn báisteach air.
    Tar éis síoc liath a dhéanamh bíonn báisteach air.
    Nuair a bhéad bádóirí amuigh ag iasgach agus gan aon bhreach a fhágháil bheadh toirneach air.
    Nuair a bhíos na faoilleáin ag sgréachaigil bíonn báisteach air.
    Nuair a bhíos na géabha fiadháine ag dul thar bíonn fuaireacht air.
    Má bhíonn sgála na mbad thíos sa bhfairrge bíonn báisteach air.
    Nuair a bh'íonns a thón leis an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge