Scoil: Tír an Fhiaidh

Suíomh:
Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 135

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 135

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír an Fhiaidh
  2. XML Leathanach 135
  3. XML “Doineann”
  4. XML “Cuntasaí Eile ar Oíche na Gaoithe Móire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mór cloca na gcladaigh. Bhí na clocha dá gcrocadh san áer agus dá mbriseadh faoi an mbóthar.
    Beidh trácht go deo ar an hurricane sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Chuaidh fairrge ó Cheann Gólaim go hUachtar Árd. Bhí an fhairrge ag Ceann Gólaim chomh hárd le coilleach an Teampaill Mhóir í nGaillimh.
    Bhí báid mhóra deic dtonna meadhchain ghá ndéanamh ceathramhadh míle ón bhfairrge agus cuireadh go fairrge iad. Bhí báid ag teacht as Gaillimh go Cárna agus tráig a bhí ann agus chuaidh siad ar ancoire. Do réir mar bhí taoile ag meadú, bhí an gála ag meadú agus nuair a bhí bád eile ag dul a dtógál cuireadh isteach í agus báthadh an bád a bhí amhuigh. Bhí ceathrar innte Pádhraig Ó huantáin, Tadhg Seóige agus Domhnall Huantáin agus fear eile.
    Cunntas eile.
    Bhí oidhche na gaoithe móire ann tuairim is naocha naoi mblian ó shoin ar Oidhche Chinn an dá lá dhéag. Sí an oidhche ba mheasa a tháinig ó shoin í. Cuireadh an taoile mór ins gach uile áit. Bhí an sáile thuas ins an móin agus ins na portaigh. Deirtear go raibh bean ag teacht aniar an bóthar mór agus gur fuadhuigheadh a séal dhí agus go bé an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. próisis agus feiniméin
      1. gaotha (~357)
    Teanga
    Gaeilge