Scoil: Tír an Fhiaidh

Suíomh:
Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 129

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 129

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír an Fhiaidh
  2. XML Leathanach 129
  3. XML “Doineann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Stoirmeacha agus gálaí móra :- Tuairim is deic mbliadhna fíchead ó shoin an chéad mhí d'Éarrach, bhí muinntir Thír-an-Fhiaidh ar fad i dtrág. Sheas an lá go maith dhóibh go dtáinig an taoile. Shéidh an stoirim le taoile taoille. Is ar Inis sléidhe a bhíodar i dtrág. Bhí an fhairrge cháidhte ag dul suas ós cionn an oileáin uile. Cuireadh cuid des na báid soir go Caladh Thadhg, cuir go Curradh Ghiolcadh agus cuir eile go Máimín. D'fhán bád ar an oileán go maidin agus d'fhán an bheirt fhear a bhí innte ar an oileán freisin. Ar maidin bhí an bád 'na dhá leith díreach agus píosa dhe ar an taobh thoir de'n oileán agus píosa eile ar an taobh thiar. Tháinig an bheirt fhear slán agus tá siad beo fós.
    Leagadh cruacha árbhair, cruacha móna agus cocaí féir agus d'imtigeadar le gaoithe. Ar stoirim mhór mar sin thugtaoi hurricane fadó. Bhí fhíos ag cuid des na sean ndaoine go raibh an stoirim ag teacht. Deir siad fhéin go bhfacadar lasracha na stoirime san aer. Lá breágh bog a bhí ann ar maidin.
    Tuairim is chúig bliadhna déagh is fiche ó shoin lá Fhéile Sheáin, bhí hurricane uathbhásach ann. (an 24adh Meitheamh 1903) leag sí claideacha agus réabh sí tighthe. Tharraing sí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. próisis agus feiniméin
      1. doineann (~1,727)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Conghalaigh
    Inscne
    Baineann