Scoil: Tír an Fhiaidh
- Suíomh:
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tír an Fhiaidh
- XML Leathanach 101
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Níl lá da fhad nach dtagann a thráthnóna.
2. Ní luaithe ná an ghaoth Mhárta intinn mná óige nuair a dhéanann sí gáirre.
3. Chuala tú ariamh é aith-ghiorra an chait tríd an ngríosach.
4. Ní hé chuile lá a bhíonns lá aonaigh ann.
5. Mo lean dóighthe is mo chreac mhaidne is what not
6. Ní hé an lá a bhéas tú ag dul chun an aonaigh atá ádh a dhul chun an bhaile mhóir.
7. Sé nadúr an chait luc a mharbú.
8. Ní mheasa leis an rí a mhac ná leis an gcat a mháthair.
9. Níor mheas mé ariamh ach cat is crocadh é sin fhéin.
10. Mar a bhfuil an rud agat fhéin déan do ghora leis an ngréin.
11. Ó muise farríor nár cailleadh mé an lá ar baisteadh mé.
12. Is trom an t-ualac putógaí folamh.
13. Is maoin sagart gan bráthair ach is mairg a bhíonns gan dearbhráthair.
14. Nuair is cruaigh don chailleach caitfidh sí rith.
15. Is fada ag tigeacht tú ach is fiú fanacht leat.
16. Ní mhaireann na ba an fhad is bhíonn an féar ag fás.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Chonghalaigh
- Inscne
- Baineann