Scoil: Tír an Fhiaidh
- Suíomh:
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tír an Fhiaidh
- XML Leathanach 095
- XML “Leighiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá ola an dógadh go maith freisin.
Tá boxty fuar thar cionn.
Doighteachaí Fiacal:- Tá artha le haghaidh na ndoighteachaí fiacal agus aoinne atá in-ann í rádh ní thagann aon doigh fhiacal air. Seo í leanas an artha.
A Phéadair agus a phollrainn
Tháinig Críost ós a chionn
Céard sin ort a Phéadar
Ó Tighearna m'fhiacail atá tinn
Éirigh suas a Phéadair
Ní thusa ach gach neach.
Ní bheidh an artha ná an doigh fhiacal
I n'aon bheal amháin aríst go bráthach.
Cuireann siad sgilling leis an bhfiachail thinn nó píosa soinc ag iarraidh é leigheas.
Bíonn cuid eile ag cur tobac leis an bfiacail.
Cuireann go léor eile ola mhór leis.
Fuil tsróna nó fuil ar bith eile a bhéadh ag tigeacht nár bféidir stad a chur leis.
An té go mbíonn an fhuil ag tigeacht leis bíonn cuid aca ag cur eocair taobh thiar faoi chúl a chinn.
Bíonn daoine eile ag cur cloc glas leis.
Cuirtear téadracha dubhán ealla leis.
Bíonn siad ag caiteamh cuid de'n fhuil ar an teine ag iarraidh cosg a chur léithi.(leanann ar an chéad leathanach eile)