Scoil: Tír an Fhiaidh
- Suíomh:
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tír an Fhiaidh
- XML Leathanach 030
- XML “Scéal faoin mBás”
- XML “Scéal faoi Mhac na Baintrí agus faoi Fhathach an Dá Cheann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mé aon phaidir ná cré go deo" adeir an fear. B'éigin don bhás imhteacht leis. Bhí an fear seo ag leigheas gach duine agus ní raibh aoinne da chailleadh. Bhí sé lá agus é ag siubhal leis fhéin agus tháinig an bás roimhe. Chonnaich an fear seo duine ag tigheacht agus é ag rith tré aiteann agus gan aon éadach air. D'fhiafruigh sé dhó céard a bhí air. Dubhairt an duine seo gur fear é nach leigfí isteach do na Flaithais go n-abrócaidh duine éicint paidir is cré dhó. "Déarfaidh mise dhuit iad mar sin" adeir an fear seo. Ar an bhpuinnte is a bhí siad ráidhthe aige. D'athruigh an te a dhubhairt sé dhó iad agus cé bhéadh ann ach an bás. "Tá tú agam anois" adeir an bás agus chuir sé chun bais é.
Dá maireadh an fear sin ní chaillfí aoinne go deo na ndeor. - (-)(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Chonghalaigh
- Aois
- c. 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe