School: Leitirmealláin

Location:
Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Éamonn Ó Gógáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 289

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 289

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitirmealláin
  2. XML Page 289
  3. XML “Tráchtas ar an Drochshaol”
  4. XML (no title)
  5. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    chos agus bhain sí as é agus d'imthigh sé amach san bhfairrge. Maidin amháin chuala siad bó ag géimnígh agus tháinig an-iongantas orra mar ní raibh aon bhó san áit. Chuadar síos chuig an gcladach agus chonnaic siad bó bhreágh óg a thug an "sherk" ann. Nuair nach raibh aon phlúr ná fataí ag na daoine sé an rud a dhéanaidís ná clocha bróinte a fhághail agus cruithneacht a mheilt agus cácaí a deánamh dhi.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Bhí fear ann agus bhí sé an-tsaidhbhir agus chuir sé a chuid airgid i bhfolach faoí an rata.

    Seo sgéal a chuala mé.
    1.
    Bhí fear ann agus bhí sé an-tsaidhbhir agus chuir sé a chuid airgid i bhfolach faoí an rata. Chonnaic plód mór ban é dá chuir i bhfolach. Bhíodh éadach maith aige agus bhíodh béilidh maith aige gach lá. San oidhche chuaidh sé a chodladh agus tháinig na mná agus ghoideadar an tairgead. Nuair a d'eirigh sé ar maidin fuair sé amach go raibh a chuid airgid imthighthe. Bhí sé dá chuartughadh annseo agus ansiúd agus faoí cheann sgathaimh maith ní raibh tada le nithe aige. Chuaidh sé amach ar na sléibhte agus bhíodh sé ag ithe féir ghlais. Faoí cheann tamaill chuaidh a chuid gaolta dá chuartughadh ar na sléibhte agus fuaireadar é. Bhí dath glas ar a chorp ar fad mar gheall ar an bhféar glas a bhíodh sé a ithe
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.