Scoil: Leitirmealláin

Suíomh:
Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Éamonn Ó Gógáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 284

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 284

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitirmealláin
  2. XML Leathanach 284
  3. XML “Scéalta Greannmhara”
  4. XML “Scéalta Greannmhara”
  5. XML “Scéalta Greannmhara”
  6. XML “Scéalta Greannmhara”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    aige do na daoine a bhí ag obair dhó. Bhí cat ins an teach agus d'fheann sé é agus chuir sé i bhfolach é. Nuair a bhí a ndinnéar ithte aca thug an fear isteach an croiceann agus an cloigeann agus d'fhiafruigh sé dhóibh cé'n fáth ar ith sibh mo chat agus sin é an tam a raibh fhios aca gur cat a bhí ithte aca.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. 13.
    D'iarr duine ar dhuine eile cé'n fhad é go dtí an chéad bhaile mór eile agus dubhairt an duine eile "Fiche noiméad siubhail dá mbéadh tú ag rith.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Nic Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Conghaile
    Inscne
    Fireann
    Aois
    59
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
  3. 14.
    Dubhairt fear le fear eile, Why did you break the vase on the Chinaman's head," agus dubhairt an fear eile, "He insulted me in broke[n] English and I answered in broken China.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  4. 15.
    Bhí beirt fhear ann fadó agus bhíodar gann in airgead. Éireannach a bhí i nduine aca agus protastún a bhí sa duine eile. Chuaidh siad chuig an sagart ag iarraidh airgid air agus chuaidh an t-Éireannach isteach idtosach. D'fhiafruigh an sagart dhe cá raibh sé ag dul. Dubhairt an fear gur ag iarraidh airgid air a bhí sé. Dubhairt an sagart leis é fhéin a choisreacan agus rinne. Thug an sagart sé sgilleacha dhó. Tháinig sé amach agus d'innis sé don phrotastún gur b'é ar dhubhairt an sagart leis ná é fhéin a choisreacan i mBéarla. Thosuigh an Protastún ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.