Scoil: Leitirmealláin

Suíomh:
Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Éamonn Ó Gógáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 282

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 282

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitirmealláin
  2. XML Leathanach 282
  3. XML “Scéalta Greannmhara”
  4. XML “Scéalta Greannmhara”
  5. XML “Scéalta Greannmhara”
  6. XML “Scéalta Greannmhara”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 10.
    Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag siubhal lá. Casad fear dhó agus dubhairt sé leis, "Tiubharfadh mé luach saothar maith dhuit má tá tú inann an bhráithlín atá faoí do bhean a ghoid uaithe" Dubhairt an fear. "Má fhéadaim é béidh an bhráithlín agam duit a máireach." Nuair a chuaidh sé abhaile dubhairt sé leis go mbéadh sé le dhul ag cuartaidheacht anocht agus go mbéadh sé i bhfad go mbéadh sé sa mbaile. Bhí an bhean na codladh nuair a tháinig sé abhaile. Chuaidh sé a codladh agus thosuigh sé ag cartadh an bhráithlín. Thug sé leis chuig an bhfear í agus sé an luach saothair a thug sé dhó nó a chuid éadaigh a bhaint dhe agus dhá bhuicéad uisge a bhualadh air agus an bhráithlín a fhliuchadh agus í a chasadh air agus é a chaitheadh amach ar an tsráid agus d'imthigh sé abhaile fliuch báidhte.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Nic Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Conghaile
    Inscne
    Fireann
    Aois
    59
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
  2. 11.
    Aon uair amháin bhí fear ag baint mhóna agus bhí saobhacháin céille air agus bhain sé an chos dhe fhéin agus dubhairt sé. "marach na Sinn-féin bhéadh bean agam fhéin." Fuair sé rópa agus cheangail sé sé [!] an chos ar fhéin agus dubhairt, "A chos bhocht bí go maith agus ní bhuailfidh mé arís thú." Shíl sé siubhal a dhéanamh acht ní raibh sé inann agus cailleadh é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.