Scoil: Leitirmealláin

Suíomh:
Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Éamonn Ó Gógáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 263

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 263

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitirmealláin
  2. XML Leathanach 263
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    isteach is an chlaidheamh a bhí ar an mballa a thabhairt leis. Thug an fear a bhí [!] bhfolach leis an chlaidheamh agus nuair a tháinig an fathach istheach mharbhuigh sé an fear. Tháinig an dara duine isteach agus mharbhuigh sé é freisin. Nuair a tháinig an caiptín isteach bhain sé an cloigeann dhe. D'fhan an tríomhadh fathach amuigh go cheann tamaill agus nuair a tháinig sé isteach mharbhuigh an fear é. Annsin chuaidh sé amach ag siubhal agus casadh triúr cailleacha air. Dubhradar leis iad a fhágal ar oileán. Chuaidh sé agus fuair sé bád agus nuair a bhíodar sgaitheamh amach ar an bhfairrge dubhairt an fear go raibh poll ar an mbad. Chaith sé na cailleacha amach ar charraigh agus bháthadh iad. Chuaidh sé féin ar an oileán agus chonnaic sé sean-fhear a bhí i dteach beag. Chuaidh sé isteach chuig an sean-fhear agus dubhairt sé leis go dtiubharfadh sé inghean a bhí na cómhnuidhe i néinfeacht leis le pósadh dhó. Bhí go leór airgid aice agus phós sí fhéin agus an fear seo agus d'fhág an sean-fhear an teach agus an talamh aca nuair a cailleadh é fhéin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. fathaigh (~518)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Nic Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Laighidh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    96
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Gólam, Co. na Gaillimhe