Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmealláin
- XML Leathanach 204
- XML “Daoine Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)beaga eile. Bíonn carrannaí agus capaill ag cuid acu ag dul thart gach la sa samhradh agus bíonn siad ag cruinniú sean-éadaí. Is iad na déirce is mó a bhídís ag iarraidh ansin, ná plúr, fataí, bainne, tae, siúcra, agus go leor rudaí eile mar sin. Bíonn cábáin ag cuid acu ar thaobh na mbóithre agus bíonn carrannaí acu ag dul thart chuig na tithe ag iarraidh féir, tuí, agus go leor rudaí eile mar sin. Má bhíonn aon tsoitheach le deisiú ag aon duine deisíonn siad iad ar sé pingine nó scilling a thabhairt dóibh. Bíonn siad an-bhuíoch d'aon duine a thugann déirce dóibh. agus bíonn cuid acu ag iarraidh airgid freisin. Ní thugann siad aon bhia leo ná aon rud le n-íthe ach faigheann siad é sa teach a mbíonn siad ar lóistín ann. Bíonn siad ag guí agus ag rá paidreacha nuair a bhíonn siad ag iarraidh déirce ar na daoine agus mura bhfaigheann siad aon déirce tosaíonn siad ag eascainí agus ag rá gan an t-ádh a chur ar an teach. Ní bhíonn méid airgid acu agus tugann siad pictiúr beannaithe do bhean an tí a mbíonn siad ar loistín ann.
Ainm an scoláire
Maighréad Nic Dhonnchadha
Leitirmaoláin, Co na Gaillimhe.- Bailitheoir
- Maighréad Nic Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Maighréad Bean Mhic Dhonnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe