Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aice a bhí faoí dhá bhliadhain d'aois iad a thabhairt chuig Herod le marbhughadh mar cheap sé go mbéádh ár dTighearna ar aoinne aca agus ní raibh.
5) Lá CoilighSin e an chéad lá de Eanair agus bíonn fad coiscéam coiligh ins an lá.
6) Aoine ChéastaBíonn an tádh ar na daoine a thosiugheas ag obair an lá sin. Coinnigheann cuid de na daoine dé'n tsíól ionnus go mbéadh an t-ádh ar an gcuid eile de na fataí.
7) Lá le Muire san EarrachBíonn se sin againn ar an gcúigeadh lá fichid do Márta inonóír don lá a tháinig an t-aingeal chuig (?) an Maighdean Mhuire.
8) Lá le Muire san bhFoghmharBíonn sé sin ágainn ar an gcúigeadh lá déág de Lughnas inonóír don lá a tógadh an Mhaighdean Mhuire suas de na Flaithis.
9) Scairbhshíon na gCuachSin é an t-am a thagas an chuach chugainn agus de ghnáth bíonn an aimsir garbh agus an-fhuar agus bíonn ganntanas bídh ar na daoine an t-am sin.- Bailitheoir
- Maighréad Nic Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe