Scoil: Leitirmealláin

Suíomh:
Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Éamonn Ó Gógáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 201

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 201

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitirmealláin
  2. XML Leathanach 201
  3. XML “Ainmneacha atá ar Laethanta na Bliana”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Seo iad na h-ainmeacha atá ar na laétheannta áithride atá san mbliadhain.

    1) Lá Cínn an Dá Lá Dhéag
    Sin é an lá deireannach de Nodlaig. Bíonn trí cínn nó ceithre cínn de coinnle lasta ar chuile fhuinneóig an oidhche sin.

    2) Laétheannta na Bó Riabhaighe
    Sé an fádh gur tugadh an t-ainm sin orra mar bhí bó riabhach ann fadó agus ní raibh féar na tada le níthe aice san Márta nuair a bhí an aimsir fuar. Nuair a bhí an Márta caithte bhí aimsir breágh ann agus bhí a dóthain féir le níthe aice, Dubhairt sí, "Anois tá an droch-aimsir caithte agus is cuma liom níos mó," agus thosuigh sí ag léimneadh san aér. Annsan fuair Aibreán trí lá ar iasacht ó'n Márta agus bhí sí ín a ghála agus na bháisteach agus is gearr gur cailleadh an tsean bhó riabhach.

    3) Lá Bealtaine
    Tá sé ráidhte nach ceart aon bhainne ná aon splannc a chur amach an lá sin mar nach mbéadh an t-ádh ort.

    4) Lá Chrosta na Bliadhna
    Sin é an ceathramhadh lá taréis lá Nodlag. 'Sé an fáth gur tugadh an t-ainm sin air mar fádó chaith chuile mháthair má bhí aon mhac
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Nic Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    62
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe