Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)

Suíomh:
An Droim, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ó Concheanainn

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Peigín Audley

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 125

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Peigín Audley.

Tá sgéal agam le n-aithris díbh faoi'n mbaintreach Peigín Audley.
A raibh cómhnuidhe uirthi tigh Neachtair thuas ar bharr an cnuic.
Chuala Tuathail Mhaoinse gur bean í ar theastuigh fear uaithe
Is bheannuigh sé ar maidin ag fiafruigheadh a raibh sí istigh.
2
Séard a dubhairt Máire Bhreathnach sin í ar an teallach í,
Tá súil againn le seachtmhain leat is nach fada atá tu amuigh
Dub hairt Tuathail, éirigh is searr tú féin go siubhlfaidh muid na garrantaí
Is go dtiubharfaidh mé dhuit seanchas ar an áit a bhfuil tú ag dul
3
Más seanchas atá ag teasdáil uait is gur bé sin a thug as baile thú
Chuala mé ag dul tharm nach bhfuil agad acht caora is bó.
Go bhfuil tú taobh le garraidhe talamhna is nach mbeairbhéadh [?] sé cearc bhacach dhom
Is anois a dubhairt Pádhraic Bheartlín liom gur fear tú atá ag fagháil deól.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Dhonnchadha
Inscne
baineann
Teanga
Gaeilge