Ta aon tailliur amhain sa mbaile agus ni he an tailliuir firinneach an tailliur sin. Ta se an bhacach agus ni fhagann se an teach. Bhiodh se ag imtheacht o theac go teac fado acht o thainic an aois air ni fhagann se an teach. Is ag gearradh misiuir a thugadh o teach go teach e. Tugann na daoine aige an t-adhbhar agus deanann se an ball a dearfas siad leis. Annsin togann se a misiur. Bionn snaithe agus snathadai aige fein acht ni bhionn aon n-eadach aige. Corr thailliur a mbionn an t-eadach aca. Fiafruigheann na daoine dhe cen la aithrid a beadh se deanta. Innsigheann se e agus cheapfa ar a cuid chainnte nach rinne se aon bhreag ariamh. Tagann na daoine an la aithrid. Fiafruigheann dhoibh ce mbionn siad ag dul. Deireann siad-san "ag iarraidh mo chuid eadaigh". "Deamhan a bhfuil se deanta fos" a dearfas an tailliur agus cuimnigheann se ar phlan ag iarraidh an aimsir a cur thairis. Deireann se go raibh se ag deanamh culaith go gasuirin nach raibh falach do na seacht n-eadai air. Tugann se la aithrid eile annsin uaidh.
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »