Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)

Suíomh:
An Droim, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ó Concheanainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 072

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 072

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Druim
  2. XML Leathanach 072
  3. XML “Amhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán (ar lean)

    Sé mo mhíle slán le Éire bhocht ba dheas é an t-Earrach fhéin

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Caoinfeadh mná an bhaile sibh, i gcleamhnas 's i ngaol
    Ach sí Brighid Ní Mháile acháil sibh, is tá cráidhte le na saoghal.
    VIII
    S'é mo bheannacht leis an teach úd, ar chaith mé ann seal don t-saol
    Mo bheannacht leis na dearbhráitheacha, a bhíodh ann ag déanadh grinn
    Ó a Dhia nach bocht an cás é, gan fághail iad fheiceál oidche
    S'é drágaidh buaidheartha cráidhte mé, 's an ghruaidh ag tuitim dhíom.
    IX
    Faríor géar nár cailleadh mé an lá, ar baisteadh mé go hóg.
    S'ul fágadh i mo éan aontraic mé gan séithidheach an bhéil bheó
    Ní deirbhshuir agam 's ní dearbhráthair agam,
    'S ní mo matháirín beó
    'S tá mo dhaideó lag aosta, 's a chríost cén t-ionghantas dhó.
    Máire Ní Threasuidhe, Seanna Comh Uileas, Leitir Móir
    Fuaireas an t-amhrán seo ó mo mháthair Úna Ní Threasuidhe.
    Fuair sise é ó bean as an Tráigh Bháin, Máire Ní Mháille.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Threasuidhe
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Úna Ní Threasuidhe
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Móir, Co. na Gaillimhe