Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)

Suíomh:
An Droim, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ó Concheanainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 065

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 065

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Druim
  2. XML Leathanach 065
  3. XML “Ainmneacha na mBailte - An Droim”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Druim an t ainm atá ar an áit a bhfuil mé i mo comhnaidhe, i bparráiste í na Ceathramhain Ruaidh atá sé. Tá cúig theach déag ann. Tá naoí dteach ceann slinne ann agus sé theach ceann tuighe. Bhí naoi dteach déag ann fadó. Tá trí theach dhá stó ann agus dhá theach déag stór. Mac Donnchadha an sloinne is mó atá ann. Tá seacht dteach aca ann. Tá ceithre theach do Ghionnáin ann. Tá dhá thehach do Chualáin ann. Tá teach amháin do Bhreathnach ann agus teach amhán do Chonghnaile. Tá ceathrar sean ndaoine ann, Bairbre Ní Grionnán. Brigíd Ní Dannchadha, Máire Ní Dhonnchada agus Micheál Ó Gionnáin. Tá go leór sean sgéalta i ngaedhilge aca. Tá loch amháin ann, Loch Dibirt. Tá sgoil déanta ann. Talamh dona atá cé is moite do corr gharraidhe. Tá go leór clocha agus portaigh ann. Bhí go leór coillte ann fadó tuairim is céad go leith blian ó shoin acht níl crann féin anois ann
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Droim, Co. na Gaillimhe