Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)

Suíomh:
An Droim, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ó Concheanainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 058

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 058

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Druim
  2. XML Leathanach 058
  3. XML “Comharthaí na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a bhíos báisteach air, bíonn an criogar ag ceól, bíonn an súithe ag tuitim, bíonn an mhuic ag gruasacht, breathnuigheann na cnuic atá i bhfad uainn i ngar dúinn, bíonn sgála na noilean le feiceál san uisce, bíonn pianta ar na sean ndaoine agus bíonn an t-aer lán na néalta.
    Nuair a bhíos gaoithe air, bíonn an cat ag sgríoba agus an taobh a mbíonn a aghaidh air tiocfa gaoth as. Bionn na néalta ag ritheacht sa spéir.
    Bíonn an aimsear an mheirbh nuair a bhíos tóirnea?h air.
    Le sioc tagann géabha fiadháine agus bíonn an spéir glan. Má fhanann na blátha i bhfad ar na croinnte beidh an geimhreadh fuar.
    Má bíonn fóghmhair maith beidh geimhreadh fuar.
    Le sneachta, bíonn an t-aer fuar, trom, dorcha. Tagann sé as gaoithe a dtuaidh.
    Má bíónn go leór torthaí ann beidh go leór sioc agus sneachta ann.
    Má bíonn rudaí ag pás san ngreimhreadh caillfear go leór daoine.
    Má bíonn na croinnte ag lúbadh le sneachta mí Eanair beidh fóghmhar maith ann.
    Tar éis lál Brighde bíonn gach uile le lá go breágh.
    Tar éis lál Pádraic bíonn chuile lá go breágh.
    Dhá mbeadh cat ina luighe amuigh mí Feabhra bheadh an bhriadhain go dona.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge