Tagann lá Fhéile Brighde ar an 1adh de mí Feabhra. Deireann na daoine gur bé sin an chéad lá d'Earrach. Tá nós aca ag cur croiseanna suas in-onóir do Naomh Brighid.
Bíonn daoine ag imtheacht an oidhche sin agus crios déanta aca le súgáin agus bíonn ceithre crois air. Nuair a thagann síad isteach i dteach, deireann siad:-
Crios Brighde mo chrios
Crios na gceithre gcrois
An té a ghabhfas amach fá mo chrios
Go mba fearr a bhéas sé bliadhain ó anocht
Annsin téigheann muintir an tighe amach fá'n gcrios agus tugann siad pinghneacha dóibh.