Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)

Suíomh:
An Droim, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ó Concheanainn

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Druim | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 050

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Oidhche Nodlag Mór. Agus an duine a bhíos ag éisteacht leo caillfidhe é. Chuile dhuine a fhéadfas é bíonn sé ina theach féin Oidhche Nodlag. Na daoine nach bhféadfa cuireann siad airgead abhaile. Tá sé de nós ag na daoine óga a dhul ag faoistean Oidhche Nodlag Beag.

Bíonn go leor pisreóga ag na daoinibh Lá Bealtaine. Éireigheann daoine le h-éirghe na gréine ionanus go mbeadh síad ag éirghe go moch arís ar feadh an tsamhraidh. Sin é an nós is minicidhe a dheineann síad.

Dá n-éirigheadh duine an mhaidin sin agus a éadan a nigheachadh(?) sa drúcht ní dhóighfeadh an ghrian ar feadh an tsamhraidh é.
Goideann cuid de na daoine aoileach as scioból a chomharsan ionanus go mbeadh im ar feadh an tsamhraidh aca.
An teach a mbeadh an mac is sine dá sliocht beo bíonn sé de nós ag an sliocht sin iachall a chuir ar an mac is sin bó a chomharsan do bhleaghan sul dá n-éirigheadh an ghrian ionanus go mbedh im aca ar feadh an tsamhraidh.
Ní tugtar cead do aon duine aon teine(?) a thabhairt amach as an teach ná aon bhainne.
Dá dtagadh duine isteach agus a phíopa a

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge