Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)

Suíomh:
An Droim, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ó Concheanainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 020

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 020

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Druim
  2. XML Leathanach 020
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Níl mé ag iarraidh tada" adeir sé, "ach mo dhóthain le n-ithe agus le n-ól" Fuair sé sin. Nuair a bhí a dhóthain ithte aige thosuigh sé ag smaoineadh ar an gcleas gránna a rinneadar air. Thosuigh sé ag scríobadh an fháin[ne] agus shíl sé nach raibh maith ar bith ann. Tháinig an t-iollar arís go dtí é nu[air] a scríob sé an fáinne. "Mise máistir an fháinne," agus rud ar bith atá ag teastáil u[ait] caithfidh tú a fhághail." "Níl mé ag iarraidh tada" adeir sé ach mé thabhairt suas[."] Chuir an t-iollar ar a dhruim é. "Nuair a gheobhthas mise baladh an aeir béidh mé ag tuitim anuas ach éirigh thusa go léim agus teara ar an mbruach agus tharraing mi[se] suas. Rinne sé sin. "Tá an-ocras orm" adeir an t-iollar nuair a bhí sé thuas. "'S gearr a bheidheas" adeir Pronns William. D'imthigh leis agus mharbhuigh sé cúig go chaoirigh don t-iollar. D'ith sé a dhóthain. D'imthigh leis an iollar annsin agus bhí g[abha] ar an mbaile. Sé an t-ainm a bhí air Cormaic. Bhíodh Pronns William ag obair [a]g an ngabha roimhe sin. Tháinig Pronns William go dtí é lá ag iarraidh oibre agus níor [aithnigh?] sé é. Chuaidh sé ag bualadh uird. "Ní fhaca mé aon fhear chomh maith leat ó d'imthigh Pronns William uaim cheana." Ní raibh sé i bhfad ann gur chuir an bhean óg scéal ag an ngabha cróin a dhéanamh di mar a bhí ag an bhfathach sa domh[an] thíos. Nuair a fuair an gabha an sgéal sin thosuigh sé ag caoineadh mar nach raibh sé indon é sin a dhéanamh dhi. Dubhairt Pronns William leo stopadh go ndéanfaidís sórt ceann lá na bhárach. D'éirigh sé go m[och] ar maidin agus scríob sé an fáinne agus tháinig an t-iollar go dtí é, agus dubhairt sé leis an cróin a bhí ag an bhfathach thabhairt aige agus thug. Nuair a chuala agus [!] dara bean é sin chuir sí sgéal ag an ngabha cr[óin] a dhéanamh di mar a bhí ag a fathach féin sa domhan thíos agus thug a t-iollach aici é. Nuair a chuala an tríomhadh h-inghean é si[n] b'éigean di féin ceann eile fhághailt agus thug an t-iollar ai[ci] í. Nuair a chonnaic sí í d'aithnigh sí í agus dubhairt sí go mbí a[n] cróin a bhí ag a fathach féin í. Chuir sí tuairisc a raibh aon bhuachaill
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0301: The Three Stolen Princesses
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál Ó Coighin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile na Cille, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Coighin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile na Cille, Co. na Gaillimhe