Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)

Suíomh:
An Droim, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ó Concheanainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 012

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 012

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Druim
  2. XML Leathanach 012
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí sean-fhear sa tír seo fadó agus ní raibh duine ar bith 'na chomhnuidhe in-éindigh leis. Fuair sé tinn agus as an tinneas fuair sé bás. Bhí beirt fhear óg do'n bhaile in-éindigh leis nuair a fuair sé bás. Leagadar amach é le na thórraimh nuair nach raibh ann ach íad féin. Chuir siad rópa air thar timcheall a ghuailnibh agus síos faoi an mbord sios go dtí a chosa. Nuair a tháinig an oidhche, chruinnigh daoine óga an bhaile isteach le na thórramh. Dubhairt síad le na chéile thall go raibh an sean-fhear an tsean, go mba cheart ceól a chur air agus damhsadh a chur air an torramh. Chuireadar fios ar phíobaire. Nuair a bhí siad uilig cruinnighthe agus an ceol ar bun shuidh an fear óg ag cosa an chuirp. Tharraing sé an rópa. Leis sin d'éirigh an fear caillte suas. Scannruigh na daoine agus thosuigh siad ag rith amach i mullach a chéile an dorus. Ar a dhul amach don píobaire chaill sé mála an cheóil. le raibh d'faitchíos air. Cuireadh fios ar an sagart agus h-innsigheadh an scéal uilig dó. Dubhairt an sagart gur seafóid a bhí orra. Chuaidh sé féin isteach i dteach an chuirp. Ar a dhul isteach dhó sheas sé ar mhála an cheóil. "Má-á-á" adeir an mála. Scannruigh an sagart agus rith sé féin agus dubhairt sé leis na daoine gurbh é
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighread Ní Threasuidhe
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Una Ní Threasuidhe
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Móir, Co. na Gaillimhe