Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)
- Suíomh:
- An Droim, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ó Concheanainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Druim
- XML Leathanach 008
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bhí sé thíos d’fhoscail sé cófra mór a bhí lán d’airgead. Thosuigh sé ag líonadh an chiseáin agus nuair a bhiodh sé lán aige chrochadh na scriosadóirí a bhí thuas suas an ciseán. Lean sé air annsin go dtí go raibh an cófra follamh. Scaoil siad an ciseán anuas annsin agus ní raibh aon bhlas ag an bhfear thíos le cur ann. Chuaidh sé fhéin isteach sa gciseán annsin. Chroch an dream thuas suas an ciseán a ceapadh gur airgead a bhí ann. Ní raibh a fhios aca annsin cé’n chaoi a gcuirfeadh siad uatha é. Dubhradar leis dul síos arís agus ciseán éadaigh a líonadh. Chuaidh sé síos agus nuair a bhí sé thíos chroch siad suas an ciseán agus d’fhág siad an fear bocht thíos.
Ní raibh a fhios aige annsin cén bhealach amach a ghabhfadh sé. Thosuigh sé ag cuartughadh agus fuair sé craiceann bó a riabh adharca air. Chuir sé anuas ar a mhullach é. Thosuigh sé ag bualadh in-aghaidh chuile rud. Thosuigh sé bualadh in-aghaidh an chófra follamh. D’éirigh fear an tighe agus nuair a chonnaic sé an rud dubh scannruigh sé. “O, is tusa an Diabhal,” adeir an fear. “Is mé, ach mara leigfe tusa amach mé beidh t-anam agam.” Bhí fear an tighe ag dul indiaidh a chuil no go bhfuair sé an doras amach. D’fhoscail sé é agus amach leis an bhfear dubh. Oidhche fhuar sheaca a bhí innti. D’fhág sé air an craiceann agus lean sé air ag imtheacht.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Chualáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Chualáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe