Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)

Suíomh:
An Droim, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ó Concheanainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 003

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 003

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Druim
  2. XML Leathanach 003
  3. XML “Scéalta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ionghantach an fheadóg í," adeir sé. Cheannuigh sé uaidh í ar dhá chéad punt. Chuaidh sé abhaile agus spáin sé dá bhean í. Bí sí ag troid leis. Thug sé leis an rásúr agus ghearr sé a muineál. Shíl sé í dhéanamh beó leis an bhfeadóg, ach níor fhéad sé. Rith sé go dtí an dearbhráthair bocht. Rug sé air. Chuir sé síos i mála é le na bháthadh. Ar a bhealach chuaidh sé isteach i dteach ósta. Leag sé an mala taobh amuigh. Bhí an dearbhráthair bocht ag rádh, "nach aoibhinn Dia dhom ag dul go flaitheamhnas Dé ar ball." Bhí fear ag dul thart a raibh dhá chéad bó aige. Cuala sé é. Dubhairt sé leis, é féin a leigean ann. "Ní leigfe," adeir se, "bféidir nach bhfuighinn féin an deis arís." Thug sé dhó an dá chéad bó as ucht é a leigean ann. Tháinic an fear eile amach as an siopa. Thug sé leis an fear a bhí sa mála agus bháidh sé é. Lál na bháireach chonnaic sé an dearbhráthair bocht ag dul thart agus dá chéad bó aige. "Shíl mé gur bháidh me indé thú," adeir sé. "San áit ar chaith tú mé, bí go leór beithidhigh ann." "Caith mise ann agus gheobhfaidh mé féin an rud céadhna," adeir sé. Thug an dearbhráthair bocht leis é agus chaith sé san áit chéadhna é. Báthadh é. Bhí chuile short aige féin annsin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1536A: The Woman in the Chest
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Threasuidhe
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Treasuidhe
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Leitir Móir, Co. na Gaillimhe