Scéalta Bhí beirt dearbhráthair ann uair. Bhí duine acu bocht agus an duine eile saibhir. Oíche amháin bhí féasta i dteach an dearbhráthair saibhir. Chuir sé buidéal fuisce go dtí an dearbhráthair bocht. Nuair a bhí sé ag ól na fuisce, dúirt sé "cabhair liom do shláinte, a mhí-ádh, ós tú atá againn le fada". D'éirigh an mhí-adh aníos as an teallach aige. "An bhfuil tú i bhfad ansin?, a deir sé . "Tá mé ann ó déanadh an teach", a deir an mí-ádh "ach imeoidh me anois as agus beidh an mí-ádh ort as seo amach". Bhí teach an shaibhir lán le daoine agus chuir sé a mháthair go dtí an dearbhráithair bocht. Thug sé cnamh di a bheadh sí ag ithe. Nuair a chonaic seisean an cnámh sháigh sé siar ina muinéal é agus thacht sé í. Chuaigh sé go dtí an dearbhráthair saibhir ansin agus d'fhiafraigh cén fáth ar mharaigh sé a mháthair . Tháinig faitíos ar an dearbhráthair saibhir agus thug sé trí chéad punt dó as ucht gan é an inseacht. Chuireadar ansin í. Thóg an dearbhráthair bocht arís í. Chuir sé í ina seasamh ós comhair an dorais an dearbhráthair saibhir í. Chonaic seisean í agus tháinig faitíos air. Chuaigh sé go dtí an dearbhráthair bocht agus d'fhiafraigh sé dó cén fáth a raibh sí ag teacht. Dúirt seisean go mbeadh sí ag teacht go bhfaigheadh sí a cuid airgid. Chuir sé an tairgead i mála faoi a muinéal. Chuir siad arís
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »