Scoil: An Tráigh Bhán (uimhir rolla 14724)
- Suíomh:
- An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Meleachlán Mac Gairbhín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tráigh Bhán
- XML Leathanach 393
- XML “Cúram na gCos”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Balaoireacha" agus ar na puill an a mbíonn an snátha dubh bhíos ionnta dhá ndúnadh, "Timpels" agus ar an áit taobh istigh den bhairbín tugann siad, "lasga" mar ainm air. Má bhíonn an bun lag ar na bróga. Cuireann siad leathar air agus sé an tainm a thugann siad air "Tosaigh" acht ní hé an chaoí gur fhoghluin an fear atá luaidhthe ó na sinnsear an obair sin a bheith ag déanamh bróga. Rinne sé amach as a bhottom féin é. Rinne sé bróga ghá bhean agus dhá bheirt páiste.
Is iomdha duine ar an mbaile atá indhon bróga a dheisiú tá na mna i bfad níos féarr ná na fir gá ndeisiú. Tugann siad "gréasaide" ar duine a bheadh ag deasú bróga. Ní chaitheann paistí an lae indiú aon bhróg san Samhradh agus ní chaitheann cuid mhaith acu é san nGeimhridh féin. Tá cuid de na daoine saidhbir agus cuid eile an bhocht. Nuair a nígheann na daoine a gcuid cosa fágann siad istigh an tuisge go maidin agus caitheann siad amach annsin é.- Bailitheoir
- Áine Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe