Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- XML Leathanach 266
- XML “An Poitín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nach deas an rud poitín sa tír seo
D'iocfadh sé cíos go rí-bhreagh
Slainte do dhuine bheadh tinn é
Is thógfadh sé intinn a lán
Nach áluinn an rud ag fear siamsa
É fághail gloine dhe líonta 'na láimh
Go leigheasfadh sé casacht na h'oidhche
Is cuileachaí an chroidhe a dheanamh slán.Ní maith liom an poitín a dhíbirt
Ó's rí-dheas an rud é san áit
Ó fágfas tú Casla go hInbhear
Siúd é an sórt siamsa a bhíos ann
Mo mhallacht do'n tá bhíos ag innseacht
Nó ag tarraingt na bpílears san áit
Go minic go mb'fhearr leo an Suaimhneas
Ná a mbuaidhfidís choidhche ar é fhághail.Bhí a raibh ins an mbeairic sáthach suaimhneach
Go dtáinig Cab Fionn ins an áit
I leabhaidh é bheith againn 'na Chríostaidhe
Ba crochadóir tíre a bhí ann.
A Sheáin Dhuibh mara n-athruighidh tú tréithe
Is dearcadh isteach géar ins an gcás
Is gearr é do cháirde ar an saoghal seo(leanann ar an chéad leathanach eile)