Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- XML Leathanach 229
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sháruigh an fhoighid an chinneamhaint.
Is fearr an t-ádh ná eirghe go moch.
Is fearr marcaidheacht ar ghabhar ná coisidhe dha fheabhas.
Ní h-é lá na gaoithe lá na sgolb.
Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine eicínt.
Is goire cabhair Dé ná an doras.
Mol an óige agus tiocfaidh sí.
Is fearr bean ná spré.
Is glas iad na cnuic i bhfad uainn.
Is maith an capall a tharraingeas a carr féin.
Is maith an tiománaidhe an té bhíonns ar an gclaidhe.
Níl bris i dtír nach fearr-de duine eicínt.
I ngan-fhios do'n dlíghe is fearr a bheith ann.
Ní h-aitheantas go h-aointigheas.
Briseann an súthchas tré shúilibh an chaith.
Is treise dúthcas ná oileamhaint.
Nuair is cruaidh do'n chailligh caitheann sí rith.(leanann ar an chéad leathanach eile)