Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 'Sé an sórt fatai bhiodh ann fadó, fataí buidhe, agus sé an sort fatai iad sin fatai a mbiodh dath buidhe taobh istigh orra nuair bhiodh an craiceann bainte diobh agus sin é an fáth go dtugtaí fataí buidhe ortha agus bhiodh siad go deas le niththe.
Sé an sort fatai iad na fatai dearga, fatai a mbiodh dath dearg ortha b'iad na fatai badh dheise a bhiodh le faghail. Bhiodh siad an mhór agus bhiodh go leór súile ionnta agus bhiodh go leor sgiolán ortha nuair a bhiodh aimsear na sgiolán ann 'san Earrach.
Fataí gorma. Sé'n sort fataí iad sin fatai roinnt mór agus bhiodh go leór aca beag. Bhiodh siad an gorm ar fad nuair a bhiodh siad nua, sé sin go mbiodh siad gorm nuar bhiodh na daoine dá mbaint.