Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- XML Leathanach 218
- XML “Na Spíodóirí a Bhí ag Cuardach Íosa Chríost”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair abhí na spiadóirí ag cuartughadh Iosa Críost bhí siad ag imtheacht leo 'chuile lá agus ní raibh ag fághail aon tuairisg Air. Bhiodh siad ag fiafrughadh de 'chuile duine ag casadh dóibh agus dubhairt siad nach bhfaca.
Lá amhain bhí siad ag dul thart agus tháinig siad go dtí feilméar abhí ag cur arbhuir agus d'fiafruigh siad dó an bhfaca sé Iosa Criost ag dul thart ó thosuigh siad ag cur an arbhair sin.
Dubhairt sé nach bhfaca agus d'imthigh siad leo agus ní raibh siad imthighthe ibhfad chuir an dearg daoil amach a gob as an gclaidhe agus dubhairt sé "indé, indé" agus sin é gur imthigh sé thart indé agus d'imthigh siad leo agus má fheicfheann aon duine dearg daoil 'sa teach marbhuigheann siad é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Colm Ó Eidhin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe