Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- XML Leathanach 212
- XML “Tobac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 'Sé an chaoí a roinnfí an tobac ar thorramh, ar dtús ghearradh fear an tighe an tobac agus núair bhíos sé gearrtha leagann sé ar phláta é, cuireann sé ina na piopaí é, roineann sé ar na fir é le caitheamh mar is nós é sin a bhíos ag na sean daoine.
Ní bhíonn tobac le feiceál i Roilig mar ní hé an nós é acht lá an socraoide bíonn piopaí lán de tobac ar an gclaidhe agus duine ar bith a theastuigheann píopa uaidh tugann sé leis é.
Ní bhiodh tobac ag fás ins an dtír fadó mar ní bhiodh an talamh sáthach tirim agus mar sin ní fhásfadh an tobac 'san tír deir an fear seo liom.
Deantaoi na píopaí in Gaillimh 'san bhFondaoire agus cheannuigheadh lucht na siopaí Dhiolfadh siad iad leis na daoine bochta ar leith-phighinn agus dhíolfadh siad tobac(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seósamh Ó Eidhin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe