Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- XML Leathanach 210
- XML “Na Píopaí agus an Tobac Bhíodh in Éirinn sa tSeanaimsir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 'Sé an sórt piopai bhiodh in Éirinn fadó píopaí beaga cailce, cloigeann beag ortha, agus cosa caola fada ortha. Deir na sean daoine gur ag na lochlannaigh a bhiodh siad sin fadó agus deirtear freisin go bhfuil suid aca le fághail in áiteacha a mbiodh na lochlannaigh.
Nuair a cailltear duine cuirtear os cionn cláir é agus fághann fean an tighe piopaí geala cailce agus go leór tobac. Gearran sé an tobac ar phláta geal agus cuireann sé os cionn cosai na marbháin é.
Tagann daoine annsin ag an dtórramh agus líonann sé piopaí tobac dóibh.
Nuair cuirtear duine 'sa Roilig ní bhíonn tobac ná piopaí le feiceál acht bíonn an duine curtha ann. Tugann na gasúir leó na piopaí cailce annsin, briseann siad an cos ann agus bíonn siad ah sgríobh ar an urlár agus ar na ballai(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seósamh Ó hIarnáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Máimín, Co. na Gaillimhe