Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- XML Leathanach 192
- XML “Bá Bád”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá suas le cúig bliadhna fidhead ó choin bhí rása báid i Leitirmeallán. D'fhág na báid droichead Cuigéil agus bhí ortha dhul suas go Caisin. Bhí deich gcinn de bháid ar na rásaibh.
Bhí bád amháin as Leitirmeallán ann agus bhí ceathrar fear innte mar bhí ins gach bád eile ann. Bhí an bád seo ag rith geall í féin agus naoi mbád eile. Tháinic bád aca treasna uirthi agus chuir sí síos í. Tháinic triúr fear aníos ar bhárr fairrge agus tógadh iad agis bhíodar slán sábháilte.
Bheadh an rás ag an mbád a báitheadh an lá sin marach an timpist a tháinig uirri. Tar éis sgathaimh chuaidh daoine ag cuartughadh an bháid agus fuaireadar í. Thárla an timpist sin cúig bliadhna fichead ó choin agus cúpla bliain ina dhiaidh sin bháith an bád ceadna fuirea bháid iasgaireachta deirtear.- Faisnéiseoir
- Colm Seoige
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 90
- Seoladh
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe