Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- XML Leathanach 188
- XML “An Fheamainn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá go leór cineál feamuinne ann. An fheamuinn dhearg, an fheamuinn dhubh, an fheamuinn bhuidhe, an sguthach, cabharlach, ceana slat, na cosa cruaidhe, raoiseach, copóg catach, slata mara, agus fheamuinn reatha.
Bíonn an fheamuinn dhearg le haghaidh ceilpe an fheamuinn dhubh le haghaidh fataí, agus turnaps, an fheamuinn buidhe le haghaidh athleasughadh.
An sguthach le haghaidh saile, agus cabharlach le haghaidh fataí agus ceana slat le haghaidh fataí agus ceilpe. Na cosa cruaidhe le haghaidh múin, raoiseach le haghaidh fataí. Tá feamuinn eile ann an brosgar, miolas gabach agus an láimhin
Sliogáin.
Faocha , báirneach, cluaisín , ruacan, saocha capaill muirin, sgian mara, oistirí, gealachaí, duilicín.