Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bainteabhach ánn fadó, agus bhí mac aice, agus is é an t-ainm a bhí air Seán. Bhí Seán an leasgeamhail, agus is é an obair a bhiodh air ag bruth brocháin gach uil lé. Lá amháin bhí sé istigh ag bruth brocháin, agus bhí a mháthair amuigh ag lánadh fataí. Dhóigh Seán a mhéar, leis an maide a bhí aige ag meascadh an bhrocháin. Chuiadh sé amach go dtí a mháthair sa ngarraidhe, agus dubhairt sé léi gur dhóigh sé a mhéar, agus nach ngabhfadh sé féin ag bruth an bhrochain níos mó. Dubhairt sé le na mháthair dul isteach agus an brochán a bhruth, agus go lánfadh sé féin na fataí. Chuaidh a mháthair isteach, agus chuaidh Seán ag lánadh na bhfataí. Ní raibh sé i bhfad nó go dtáinig a mháthair amach chuige, agus pláta lán de bhrochán aice, agus naigín bainne. "Gabh i leith chuige seo" adeir sí le Seán. Ní fiú dhom é arsa seisean nó go gcriochnuigheadh mé an iomaire seo. Dubhairt sí arís leis é, agus dubhairt sé nar bhfiú dhó é nó go gcriochnuigheadh sé an t-suileóg seo.
Nuair a bhí sé criochnuighthe aige tháinig sé i leith chuig an mbrochán. Thug sé leis an t-sluasadh a bhí aige ag lánadh na bhfataí. Nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó hIarnáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Crompán na nUaimíní, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seósamh Ó hIarnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Crompán na nUaimíní, Co. na Gaillimhe