Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)

Suíomh:
An Cnoc, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 164

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 164

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
  2. XML Leathanach 164
  3. XML “Scéal - Seán agus an Dá Cheannaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ánn fadó, agus is é an t-ainm a bhí ar Seán. Bhí sean-chapall aige agus bhí sé ag dul dá díol. Thug sé biadh le n-iththe dí ar maidin, agus chuir sé dhá leath-choróinn thríd an mbiadh dí, agus shlug an capall iad. D'imthigh Seán leis moch go maith ar maidin, an capall aige, agus é ag triall ar an aonach. Ní fada bhí sé nuair a chasadh beirt cheannuidhthe dó, ceannuidhe beag agus ceannuidhe mór. D'fhiafhruigh an ceannuidhe mór dó an mór a bheadh uaidh ar an gcapall. Trí chéad púnt arsa Seán, ach níor b'fhiú a leath í. Bhuail an ceannuidhe mór buille de'n mhaide a bhí i na lámh aige ar an gcapall go bhfeicfeadh sé an raibh sí láidir agus rug sí leath-choroinn. Bhuail sé buille eile uirthe, agus rug sí leath-choróin eile, ach bhris sé an maide a bhí aige.
    Bhí fhios ag Seán annsin ó thárla gur bhris an cheannuidhe an maide nach mbuailfeadh féin ní bhéarfadh an capall aon leath-choróin eile, agus ní cheannóchaidís chor ar bith annsin í. Dubhairt an ceannuidhe mór annsin leis an gceannuidhe beag go gceannóchaid
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraic Ó hIarnáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13
    Seoladh
    Crompán na nUaimíní, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó hIarnáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Crompán na nUaimíní, Co. na Gaillimhe