Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seán agus an Rí.
Bhí bainteachach ann fadó agus bhí aon mhac amháin aice. Seán a b'ainm dó. Lá amháin d'iarr sé sgilling ar a mháthair agus dubhairt sé léithe go raibh sé ag imtheacht ag cuartú oibre. fuair sé an sgilling agus d'imthigh leis. Ní raibh mórán siubhalta aige nuair a chuaidh sé isteach i dteach a bhí ar leath-taobh an bhóthair. Nuair a chuaidh sé isteach tugadh a dhinnéar dó agus fiafruigheadh dhe cá raibh sé ag dul. "ag cuartú oibre" ar seisean. "Tá sin ceart"arsa fear an tíghe, "is tú a theastuigheanns uaim-se. Sé'an obair a thuibhras mé duit a dhul ag fosaidheacht beitheach, agus ar maidin amáireach'spáinfidh mé dhuit an áit a bhfuil na beithigh"Ar maidin lár na mháireach d'éirigh an fear agus dhúisigh sé Seán. thug siad leo na beithighigh go dtí an talamh a mbeadh(leanann ar an chéad leathanach eile)