Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)
- Suíomh:
- Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Tomhnra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tuairín
- XML Leathanach 053
- XML “Amhrán na bhFataí Dubha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is é mo dhíoltas iad imtheacht uainn
Ba mhaith an chuideachta iad agus an t-ughdar rinnce
Bhíodh spórt agus siamsa againn in aice leo
B'iad ar gcáirde iad a bhíodh ghá mbréagadh
In aimsir bheile d'ló is d'oidhch'
Faoi cheann de leaba ba cheann maith réidhtigh
Go moch ag éirigh dúinn is ag dul a luigheMíle bliadhain is a h-ocht de chéadta
Dhá fhichead gan bréag is an sé in a cheann
Ó tháinic ar slánuightheóir i gcolainn daoine
Go d'táinic an léar sgrios ar fhataí an domhain.
Sin é an dáta is ní fáth gan ádhbhar
A mbeidh cuimhne is trácht air i gcaitheamh an t-saoghail
Mar níor tháinic uathbhás dá mhéid a cháilidheacht
Is mó ná an gortan agus an easbhaidh bídh.
Nach h-iomdha duine bocht de bhárr an sgéil seo
Nach bhfuil thar béile aige ceann den ló
Gan buaile ar chnoc a thiubharfadh braon
Is gan seisreach gléasta le dhul chun cinn
(ó Mháire Ní Dhonnchadha Béal a' Daingin)- Bailitheoir
- Séamus Ó Tomhnra
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe