Scoil: Ros Muc
- Suíomh:
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Stiofán Ó hOisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Má's cám díreach an ród sí an tslíghe mhóir an aithgiorraBhí bean agus fear ann fadó agus ní raibh aca ach aon mhac amháin agus d'imthigh an t-athair ag saothrú agus tháinic sé i dteach. D'fhiafruigh fear an tighe de ce a raibh sé ag dul. Fear bocht mé adeir sé atá ag toruigheacht oibre. Fanfa tú anois i n-éinfheacht liom-sa adeir fear a tighe go ceann seact mbliadhna. Fanfa adeir an fear seo. Nuair a bhí na seacht mbliadhna thuas bí an fear ag dul ag imtheacht. Dubhairt an fear leis fanacht go ceann seacht mbliadhna eile agus dubhairt an fear nach bhfanfadh go raibh imnidhe air. Fan adeir an fear seo - tás agam go bhfuil do bhean agus do ghasúr ceart sa mbaile mar bhí fhios ag an bhfear seo. Dfan sé annsin na seacht mbliadhna. Nuair a bhí na seacht mbliadhna seo thuas bhí sé ag dul abhaile. Dubhairt sé leis gan a dhul abhaile go(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Uí Chonaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Parthalán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. na Gaillimhe