Scoil: Ros Muc
- Suíomh:
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Stiofán Ó hOisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an sgoláire bocht do'n ghaduidhe cé mar d'éirigh leis. Bain an dá shúil asamsa adeir an gaduidhe. Bhain an sgoláire bocht an dá shúil as agus d'imthigh sé leis go dtí an tobar agus chuir sé braon de'n uisge ar a shúile agus bhí amharc aige chómh maith is a bhí ariamh. Tháinig sé go dtí an teach mór a raibh an sgoláire bocht agus chuaidh sé síos sa mbaraille. Tháinig na cuit isteach san oidhche agus dubhairt siad go raibh duine eicínt ag éisteacht leo, blian san oidhche anocht. Féach a bhfuil aon duine ann, chuaidh ceann aca anonn agus fuair sé an gaduidhe sa mbaraille agus mharbuigh siad é. Is fear an cneascuidheacht ná an gaduidheacht.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Thnuthail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Ceanndhubháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe