Scoil: Ros Muc
- Suíomh:
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Stiofán Ó hOisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus deir sé. "Téirigh go dtí an uaigh chaoighe le Mic Tuathal mo mhac agus bí agamsa annseo aríst an tráth a leigfeas fead le Goll a chlaoidhe: "Sé'n áit a raibh mac an Ríogh i bpoll a bhí déanta faoi thalamh aca le seacht mbliadhna ag fóghluim sgréach nimhe agus ní raibh aon Éireannach a chloisfeadh é nach raibh cáillte. Chuaidh Conán ar an bpoinnte go dtí an uaigh chaoigh agus nuair a chonnaic Tuathal é shíl sé gurb é an Dearg Mór é agus dá mhéid fáilte dá raibh ag an Rí roimhe bhí seacht n-oiread ag a mhac dhó. Shuidh siad síos annsin ag caint is ag cómhradh. Chuaidh siad ag imirt cártaí annsin agus bhuaidh Conán mar bhí an bhuadh aige. Tabhair do thuairm anois a Dheirg Mhóir adeir mac an Ríogh.
"Cuirimse de gheasa ort do cheann a leagan go caoin ar an gclár agus má tharrnuighim aon bhuile ná leig aon sgréach. Dá leigead Tuathal aon sgréach bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Chonaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Parthalán Ó Chonaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. na Gaillimhe